- Taispeántais
- Duais Sakharov, Parlaimint na hEorpa agus cearta an duine ar fud an domhain
- Buaiteoirí 2006 - 20011
Aliaksandr Milinkevich - 2006, an Bhealarúis
Mar cheannaire ar an nGluaiseacht ar son na Saoirse, gluaiseacht dhaonlathach an fhreasúra sa Bhealarúis, rinne Aliaksandr Milinkevich cáineadh ar chionta réimeas na Bealarúise i gcoinne an daonlathais agus chearta an duine.
Is féidir libh go leor a dhéanamh. Is féidir libh cabhrú linn an bac faisnéise a bhriseadh, chomh maith leis an léargas teoranta seo ar an domhan atá buailte anuas ag bréagbholscaireacht an rialtais ar mhuintir mo thíre féin. Is féidir libh cabhrú linn spás poiblí a chruthú atá feiliúnach do dhíospóireacht oscailte i measc na saoránach áit a mbeidh fáil ar údair neamhspleácha, ar an lucht léinn agus ar údaráis mhorálta.
Salih Mahmoud Mohamed Osman - 2007, an tSúdáin
Cosnaíonn an dlíodóir Súdánach Salih Mahmoud Mohamed Osman iad siúd ar ghabh na húdaráis iad gan chúis, ar chéas na húdaráis iad nó ar chuir na húdaráis drochbhail orthu, in ainneoin go raibh sé féin ar dhuine a gabhadh ar an gcaoi sin.
Leis an aitheantas a thugann Parlaimint na hEorpa don obair atá á déanamh ag cosantóirí chearta an duine sa tSúdáin, tugtar misneach agus spreagadh dúinn coinneáil orainn ag labhairt amach in ainm na n-íospartach le súil agus go dtiocfaidh laghdú beag féin ar a bhfuil á fhulaingt acu.
Hu Jia - 2008, an tSín
Agus a bheatha á cur i mbaol aige trína chuid gníomhaíochais, tharraing Hu Jia aird an tsaoil ar shléacht Chearnóg Tiananmen, ar shaincheisteanna SEIF agus ar sháruithe ar chearta an duine sa tSín.
Déanta na fírinne, amanna ní leor an chrógacht. Amanna, bíonn sé an-daor go deo ar dhuine.
Zeng Jinyan
Memorial (Oleg Orolov, Sergei Kovalev agus Lyudmila Akexeyeva, thar ceann Memorial agus chosantóirí uile eile chearta an duine sa Rúis) – 2009, an Rúis
Bunaíodh cumann Memorial chun na cuimhní faoin gcos ar bolg ar mhórscála a tharla faoi réimeas Stalin a chaomhnú, agus molann Memorial urraim do chearta an duine agus cosnaíonn sé íospartaigh sáruithe ar chearta an duine sa Rúis agus i stáit an Iar-Aontais Shóivéadaigh.
Is í an tsaoirse smaointeoireachta an dúshraith do gach uile shaoirse eile.
Sergei Kovalev
Guillermo Fariñas – 2010, Cúba
Is doctúir le síceolaíocht, iriseoir agus easaontach polaitiúil é Guillermo Fariñas, a chuaigh ar stailceanna ocrais ar mhaithe le hathrú polaitiúil síochánta agus saoirse tuairimí a nochtadh a thabhairt i gcrích i gCúba.
Is sinne an t-athrú.
Mohamed Bouazizi – 2011, "An tEarrach Arabach", an Túinéis
Á chur féin trí thine in agóid i gcoinne chaimiléireacht an rialtais agus na dífhostaíochta forleithne, spreag Mohamed Bouazizi Réabhlóid Seasmaine na Túinéise.
Ali Ferzat – 2011, "Earrach na nArabach", an tSiria
Is aorthóir agus cartúnaí polaitiúil é Ali Ferzat a chuireann in aghaidh na dteorainneacha a chuirtear le saoirse tuairimí a nochtadh sa tSiria ina gcáineann sé an réimeas agus fórsaí slándála an-scáfar na tíre ina shaothar.
Asmaa Mahfouz - 2011, "An tEarrach Arabach", an Éigipt
Lena cuid postálacha ar na meáin shóisialta inar iarradh ar mhuintir na hÉigipte agóid shíochánta a dhéanamh ar son na saoirse, ar son na dínite agus ar son chearta an duine, chabhraigh Asmaa Mahfouz le tús a chur leis an ngluaiseacht réabhlóideach san Éigipt.
Ba mhaith liom a rá libh cé chomh bródúil atá mé de mhairtírigh uile Réabhlóid na nArabach. Ní dhéanfaimid feall orthu, leanfaimid orainn ar an aistear ar chuir siad tús leis
Ahmed El Senussi – 2011, "An tEarrach Arabach", an Libia
Chuir Ahmed al-Sanusi i gcoinne dheachtóireacht mhíleata na Libia, agus molann sé athmhuintearas cuimsitheach mar an t-aon bhealach chun síocháin agus daonlathas a bhaint amach sa tír.
Razan Zaitouneh – 2011, "An tEarrach Arabach", an tSiria
Cháin an t-iriseoir agus an dlíodóir Razan Zaitouneh sáruithe ar chearta an duine sa tSiria. De dheasca a streachailte ar son na saoirse agus an daonlathais, fuadaíodh í in 2013.